Téarmaíocht Ghaeilge i Réimse na hImirce
24 Aibreán 2017
Ó thús 2008, tá Fiontar agus Scoil na Gaeilge ag soláthar téarmaí Gaeilge do bhunachar ilteangach téarmaí an Aontais Eorpaigh, iate.europa.eu. Tá fáil in IATE ar théarmaí atá sainiúil don AE, chomh maith le téarmaí ón uile chineál réimse, amhail dlí, talmhaíocht, teicneolaíocht an eolais agus go leor eile.